Fiosrúchán ar Microsoft Ireland Operations Limited – Meán Fómhair 2025

Dáta an chinnidh: 1 Meán Fómhair 2025

An 1 Meán Fómhair 2025, tar éis fiosrúcháin maidir le gearán a fuarthas in aghaidh Microsoft Ireland Operations Limited (Microsoft), ghlac an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) cinneadh.

Thosaigh an Coimisiún an fiosrúchán an 16 Bealtaine 2023, de bhun gearán a fháil á rá nár chomhlíon Microsoft iarraidh rochtana a chuir an gearánach isteach i mí Lúnasa 2020.

Bhain raon feidhme an fhiosrúcháin le scrúdú agus measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  1. Cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an Rialaitheoir Airteagal 12(4) RGCS tar éis don Ghearánach iarraidh rochtana a dhéanamh an 17 Lúnasa 2020;

 

  1. Cé acu a bhí nó nach raibh údar maith ag an Rialaitheoir brath ar Airteagal 15(4) chun sonraí uile an Ghearánaigh a choinneáil siar; agus

 

  1. Cé acu a bhí nó nach raibh an Rialaitheoir i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(a) agus sonraí pearsanta an Ghearánaigh á scriosadh aige (i.e., aon sonraí pearsanta a bhí sa chuntas OneDrive lena mbaineann).

Ós rud é gurbh ionann an phróiseáil a bhí i gceist agus próiseáil ‘trasteorann’, bhí an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir an tsásra comhair agus comhsheasmhachta atá leagtha amach in Airteagal 60 RGCS agus, de bhun Airteagal 60(3) RGCS, chuir an Coimisiún an dréachtchinneadh uaidh faoi bhráid na n-údarás maoirseachta lena mbaineann ar mhaithe le tuairim a fháil uathu.

Fuair an Coimisiún agóid ábhartha réasúnaithe amháin in aghaidh an dréachtchinnidh ó na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann laistigh den tréimhse reachtúil agus, dá bhrí sin, d’eisigh sé dréachtchinneadh athbhreithnithe. Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon agóidí ábhartha réasúnaithe in aghaidh an dréachtchinnidh athbhreithnithe, measadh gur aontaigh na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann leis an dréachtchinneadh athbhreithnithe ón gCoimisiún agus tá siad faoi cheangal aige de réir Airteagal 60(6) RGCS.

Ghlac an Coimisiún an cinneadh uaidh i ndáil leis an ngearán seo de réir Airteagal 60(7) RGCS. Glacadh an cinneadh an 1 Meán Fómhair 2025 agus taifeadtar na sáruithe seo a leanas ann:

  • Airteagal 12(4) RGCS

Cinneann an Coimisiún gur sháraigh Microsoft Airteagal 12(4) RGCS i ndáil leis an iarraidh rochtana nuair a mhainnigh sé an gearánach a chur ar an eolas faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta agus leigheas breithiúnach a iarraidh tar éis na hiarrata rochtana ón ngearánach.

  • Airteagal 5(1)(a) RGCS

Cinneann an Coimisiún gurb amhlaidh, in imthosca sonracha an ghearáin, a sháraigh Microsoft prionsabal na dlíthiúlachta, na cothroime agus na trédhearcachta faoi Airteagal 5(1)(a) RGCS agus é ag láimhseáil na hiarrata rochtana agus ina chinneadh sonraí an ghearánaigh a scriosadh.

Na Cumhachtaí Ceartaitheacha a Feidhmíodh:

  • Iomardú a eisiúint chuig Microsoft Ireland Operations Limited de bhun Airteagal 58(2)(b) RGCS freisin i bhfianaise na sáruithe a cinneadh a bheith déanta.
  • I bhfianaise an tsáraithe ar Airteagal 5(1)(a) RGCS, agus de réir Airteagal 58(2)(d) RGCS, ordú do Microsoft a bheartais agus a nósanna imeachta a athbhreithniú ionas
    1. go soiléireofar ina bheartais atá dírithe ar úsáideoirí na beartais coinneála sonraí maidir le sonraí a bhaineann le cuntais arna bhfoirceannadh ag Microsoft mar gheall ar sháruithe ar Chomhaontú Seirbhísí Microsoft;
    2. go soiléireofar na himthosca ina scriosann Microsoft sonraí den sórt sin go buan; agus
    3. go leagfar amach na próisis achomhairc a bheidh ar fáil don sealbhóir cuntais i gcás go ndearna Microsoft an tseirbhís a fhoirceannadh mar gheall ar shárú líomhnaithe ar na Téarmaí Seirbhíse.

Is féidir an cinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo: Fiosrúchán maidir le Microsoft Ireland Operations Limited – Meán Fómhair 2025 (10MB, PDF)