Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Próiseáil i gcomhthéacs imscrúdú san ionad oibre

Bhí baint ag an ngearánaí le himscrúdú san ionad oibre i ndiaidh líomhaintí a rinne an gearánaí i gcoinne comhghleacaí. Cheap fostóir an ghearánaí gnólacht comhairleoireachta neamhspleách (“an Chuideachta Chomhairliúcháin”) chun an t-imscrúdú a dhéanamh agus bhí torthaí na Cuideachta Comhairleoireachta faoi réir athbhreithniú ag painéal neamhspleách.

Tar éis an t-imscrúdú san ionad oibre a thabhairt chun críche, rinne an gearánaí iarratas ar rochtain sonraí chuig a bhfostóir agus cuireadh roinnt doiciméad ar fáil i ndiaidh an iarratais sin . Bhí an gearánaí den tuairim, áfach, nár freagraíodh an t-iarratas go hiomlán. Mar shampla, mhaígh an gearánaí go raibh na ráitis a thug finné (le linn an imscrúdaithe), a cuireadh ar fáil don ghearánaí, míchruinn ó thaobh na bhfíricí de agus nár cuireadh doiciméid áirithe ar fáil don ghearánaí (amhail logaí rochtana ar chomhaid phearsanta an ghearánaí). Líomhain an gearánaí freisin gur nocht a fhostóir, le comhghleacaithe an ghearánaí, sonraí faoi fheidhmíocht oibre an ghearánaí, socruithe saoire breoiteachta agus cóipeanna de dhuillíní pá an ghearánaí. Ar deireadh, mhaígh an gearánaí gur theip ar a bhfostóir cloí le hiarratais an ghearánaí ar cheartú na ráitis finné (a líomhnaigh an gearánaí a bhí mícheart ó thaobh fíricí de).

Cruthaíodh gurbh é fostóir an ghearánaí an rialai- theoir sonraí toisc gur rialaigh sé sonraí an ghearánaí i gcomhthéacs an imscrúdaithe san ionad oibre . Sna sonraí sin, bhí faisnéis phárolla an ghearánaí, faisnéis a bhaineann le saoire bhreoiteachta an ghearánaí agus ráitis finné a bhaineann leis an ngearánaí. Sonraí pearsanta a bhí sna sonraí toisc gur bhain siad leis an ngearánaí mar dhuine ar leith agus d’fhéadfaí an gearánaí a aithint uaidh.

Mar fhreagra ar líomhain an ghearánaí nár freagraíodh a iarratas rochtana go hiomlán, dúirt an rialaitheoir sonraí, maidir le ráitis an fhinné, gur cuireadh cóipeanna de ráitis bhunaidh an fhinné ar fáil don ghearánaí a coinníodh ar chomhad an ghearána . Maidir leis na logaí rochtana, bhí an rialaitheoir sonraí den tuairim nach sonraí pearsanta iad sin (toisc gur coinníodh cuntas ar ghluaiseacht dhigiteach fostaithe eile ar chórais TF an rialaitheo- ra sonraí). I dtaca le cáipéisí éagsúla eile a mhaígh an gearánaí nach bhfuair sé, thug an rialaitheoir sonraí le fios, dá bhféadfadh an gearánaí sonraí na ndoiciméad sin a shonrú, go ndéanfadh sé líomhain an ghearánaí a mheas tuilleadh.

Maidir leis an ngearán gur nocht an rialaitheoir sonraí faoi fheidhmíocht oibre an ghearánaí le comhghleacaithe an ghearánaí, d’áitigh an rialaitheoir sonraí go bpléifí feidhmíocht an ghearánaí le bainisteoirí an ghearánaí agus dá bhrí sin, gur nochtadh é ar chúiseanna dlisteanacha gnó. I dtaca leis an ngearán a rinneadh faoi nochtadh sonraí maidir le saoire bhreoiteachta an ghearánaí, thug an rialaitheoir sonraí le fios nár nochtadh aon rud den sórt sin go bhfios dó. Ar deireadh, maidir leis an líomhain gur nochtadh duillíní pá an ghearánaí, d’áitigh an rialai- theoir sonraí gur cuireadh ar fáil iad d’fhostaí de chuid an rialaitheora sonraí le hathbhreithniú a dhéanamh orthu i gcomhthéacs cás ar leith a rinne an gearánaí.

Rinne an gearánaí iarratas freisin ar cheartú ráiteas finné, a líomhnaigh an gearánaí a bhí míchruinn ó thaobh na bhfíricí de. Mar sin féin, chuir an rialaitheoir sonraí in iúl gurbh ionann an méid a taifeadadh sna ráitis finné agus tuairimí na ndaoine a bhí i gceist agus, ar an mbonn sin, dhiúltaigh sé na ráitis finné a leasú. Bhí an DPC den tuairim go raibh cúig shaincheist le scrúdú aige maidir leis an ngearán. Tugtar achoimre thíos ar dhearcadh an DPC ar gach ceann de na saincheisteanna sin (faoi cheannteidil a léiríonn gach ceann de na cúig shaincheist).

Iarratas ar rochtain

Thug an DPC faoi deara go raibh iarratas bailí rochtana déanta ag an ngearánaí . Mar sin féin, tar éis dó an t-ábhar a bhreithniú tríd is tríd, bhí an DPC den tuairim nach raibh aon fhianaise ar fáil a thabharfadh le fios gur choinnigh an rialaitheoir sonraí faisnéis siar go neamhdhleathach.

Thug an DPC faoi deara, áfach, nár láimhseáladh iarratas rochtana sonraí an ghearánaí sa tréimhse ama a éilítear faoin reachtaíocht. Mar sin, bhí sárú cosanta sonraí déanta ag an rialaitheoir sonraí ina thaobh sin.

Faoi Airteagal 12(3) den GDPR, tá sé de cheart ag duine faoi réir sonraí rochtain a fháil ó rialaitheoir sonraí ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi, atá á bpróiseáil . Ní mór don rialaitheoir sonraí freagra a thabhairt ar iarratas ar rochtain ábhair gan aon mhoill agus in aon chás laistigh de mhí amháin tar éis glacadh leis an iarratas:

 

Líomhain i dtaca le nochtadh neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta an ghearánaí

Ní mór do rialaitheoirí bunús dleathach a bheith acu, faoin reachtaíocht um chosaint sonraí chun sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n-áirítear na sonraí sin a nochtadh le tríú páirtí . Maidir le sonraí a nochtadh i dtaca le feidhmíocht oibre an ghearánaí, bhí an DPC den tuairim go raibh an phróiseáil sin dleathach ó tharla gur bhain sé le cúiseanna dlisteanacha gnó. Maidir le sonraí saoire breoiteachta a nochtadh, chinn an DPC nár tugadh dóthain faisnéise a bhain leis an teagmhas líomhnaithe chun a chinneadh ar sáraíodh an reachtaíocht. Maidir le nochtadh duillíní pá an ghearánaí, bhí an DPC den tuairim go raibh an nochtadh dleathach toisc gur nochtadh na duillíní pá chun cabhrú leis an rialaitheoir sonraí éileamh dlíthiúil ar leithligh a chosaint a rinne an gearánaí ina choinne.

Faoi Airteagal 6 den GDPR, ceanglaítear ar rialaitheoir sonraí bunús dlí a bheith leis an bpróiseáil ar aon sonraí pearsanta (lena n-áirítear iad a nochtadh). Áirítear ar na bunúis dlí sin atá bailí lena bpróiseáil (a) go bhfuil toiliú tugtha ag an ábhar sonraí, (b) go bhfuil gá leis an bpróiseáil chun conradh a chomhlíonadh a bhfuil an t-ábhar sonraí ina pháirtí ann, (c) go bhfuil gá leis an bpróiseáil chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir sonraí faoina réir a chomhlíonadh, (d) go bhfuil gá leis an bpróiseáil chun leas an duine aonair a chosaint, (e) go bhfuil gá leis an bpróiseáil chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail, nó (f) go bhfuil gá leis an bpróiseáil chun críocha leasanna dlisteanacha a dtugann an rialaitheoir sonraí nó tríú páirtí faoi

.

Próiseáil chóir

Tá oibleagáid ar rialaitheoirí sonraí sonraí pearsanta a phróiseáil go cothrom. Le linn a imscrúdaithe, d’iarr an DPC ar an rialaitheoir sonraí a dheimhniú conas a  chomhlíon sé a oibleagáidí maidir le sonraí an ghearánaí a phróiseáil ar bhealach cóir, i dtaca le gach ceann de na nochtuithe líomhnaithe ar shonraí pearsanta an ghearánaí . Theip ar an rialaitheoir sonraí an fhaisnéis a theastaíonn a chur ar fáil agus mar sin, mheas an DPC gur theip ar an rialaitheoir sonraí sonraí an ghearánaí a phróiseáil, i gcomhréir le hoibleagáidí próiseála córa .

Faoin GDPR, ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach, go cothrom agus ar bhealach trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí . Ceanglaítear leis an bprionsabal sin go ndéanfar faisnéis áirithe a chur ar fáil don ábhar sonraí faoi Airteagal 13 agus Airteagal 14 den GDPR maidir leis an oibríocht phróiseála a bheith ann agus chun críocha na hoibríochta sin. Ba cheart na hábhair sonraí a chur ar an eolas faoi rioscaí, rialacha, agus coimircí i ndáil le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta . I gcás inar féidir sonraí pearsanta a nochtadh go dlisteanach d’fhaighteoir eile, ba cheart do rialaitheoirí sonraí an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas nuair a nochtar na sonraí pearsanta den chéad uair don bhfaighteoir nó do chatagóirí faighteoirí na sonraí pearsanta.

 

An ceart go ndéanfaí ceartúcháin

Faoin reachtaíocht um Chosaint Sonraí, tá ceart ann chun sonraí pearsanta míchruinne a cheartú . Dheimhnigh an rialaitheoir sonraí anseo, áfach, gurbh ionann an méid a taifeadadh sna ráitis finné agus tuairimí na ndaoine a bhí i gceist. Glacadh leis an dearcadh, i gcás ina dtaifeadtar tuairim i gceart agus i gcás ina bhfuil an tuairim bunaithe go hoibiachtúil ar nithe a chreidfeadh an duine a thugann an tuairim a bheith fíor, nach bhfuil feidhm ag an gceart go ndéanfaí ceartúcháin.

Faoi Airteagal 5 den GDPR, ní mór sonraí pearsanta atá á bpróiseáil a bheith cruinn agus, nuair is gá, iad a bheith cothrom le dáta agus ceanglaítear ar rialaitheoirí sonraí a chinntiú go ndéantar gach beart réasúnta chun a chinntiú go scriostar nó go gceartaítear sonraí míchruinne, agus cuspóir a bpróiseála ar intinn. Faoi Airteagal 16 den GDPR, tá sé de cheart ag ábhar sonraí go gceartóidh rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis nó léi gan aon mhoill. Faoi alt 60 den Acht um Chosaint Sonraí 2018, áfach, tá an ceart seo teoranta sa mhéid is gur léiriú tuairime ó dhuine eile iad na sonraí pearsanta faoin ábhar sonraí a tugadh faoi rún nó ar an tuiscint go gcaithfeadh duine leis i modh rúin agus leas dlisteanach aige an fhaisnéis a fháil.

 

Sonraí pearsanta an ghearánaí a choimeád

D’iarr an DPC ar an rialaitheoir sonraí breac-chuntas a thabhairt ar an mbunús dlí maidir le sonraí pearsanta an ghearánaí a choinneáil (i .e . próiseáil) i dtaca le himscrúdú an ionaid oibre. Chuir an rialaitheoir sonraí in iúl go raibh na sonraí seo á gcoimeád d’fhonn iarratais agus achomhairc an ghearánaí a láimhseáil faoi phróisis reachtúla éagsúla . Ar an mbonn sin, bhí an DPC den tuairim go raibh sé dleathach go gcoinneofaí sonraí pearsanta an ghearánaí mar go raibh baint aige le cúiseanna dlisteanacha gnó. Faoin GDPR, ní hamháin go gcaithfidh bunús dleathach a bheith ag rialaitheoir sonraí chun sonraí pearsanta duine aonair a fháil ar dtús, ach ní mór bunús dlí leanúnach a bheith leis chun na sonraí sin a choinneáil de réir Airteagal 6, mar a leagtar amach thuas. Faoi Airteagal 5(1)(e) den GDPR, níl cead sonraí pearsanta a chuireann in iúl cé hé / cé hí an t-ábhar sonraí a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na gcríoch dá bpróiseáiltear iad.